
''Tar suas ag an teach am anocht, nuair a bheidh se dorchadh'', a duirt Páidí le Maidhc, agus cumadh an uafáis air. Ba bhin é an méid a deir se leis, agus bhí Maidhc tar éis an lá a chaitheamh dhá rith tríonna chloigeann, agus é ag iarradh túin nó ceán a fháil air.
Bhí sé anois ag breith suas ar a seacht a chlog; bhí fuacht na h-oíche tagtha i dtír, agus is mar sin a b'fhéigin do Mhaidhc a chóta a fháisceadh faoinna mhuinneal, agus é ag árdú an charcair ar a bheallach to dtí teach pháidí. Sheas sé nóimead ag barr an fhána, agus bhreathnaigh sé amach sa dorchadas, síos ar an oileán, ach níor léar dhó tada ach go raibh ceó idir ea fhéin agus an mór thír, mar gheall nach raibh fiú agus solas anháin le feiceál.
Ba bheag nár bhain an mada an t-anam as nuair a tosaigh sé ag tafan, agus ngan Maidhc ach trí troth ón ngeata. B'fhéigin dhó seasamh aríst lenna chuid unáil a fháil ar ais, agus sin é an t-am a tháinig Páidí sa doras,''Gabhat a dhiabhal. Cé tá ansin?'' ''Níl ann ach mise a Pháidí, agus nach raibh tú ag súil liom''? ''Bhí bhí, ach gu isteach, gu isteach éascadh''. Ní raibh Maidhc in-an a dhath riabh a dhéanamh ina dhiadh sin, ach ea leanacht, mar bhí Páidí imithe isteach sa doras arís agus ea leath dhúnta aige ina dhiadh.
Bhrú Maidhc isteach an doras, agus amach aige céard a tháinig ach bolamh breá goirt, a thug uisce óna chuid fiacla. '' Páidí!! ná h-abair liom go bhfuil tú ag goil an bagún a ithe?!?''