Sunday, December 14, 2008

Your company has been selected by the nigerian oil ministry.....


Leannan an ríomh phost seo ar aghaidh, chun iarracht a dheanamh a chuir ina laoi ort go bhfuil ceannaire comhlacht olla as Nigeria ag iarradh ort ,'' mar gheall go bhfuil sé in an- thú a thrust '', cupla milliún dollar a chuir isteach i do chúntas banc.   Tá ríomh phoist mar seo faighte am go minic, agus ba é an rud ceanna céanna a dhéanfainn leo ar fad, go dtí anois!


tharla mé ar an suímh idirlíon atá socraí suas chun na daoine atá taobh thiar de na poist seo a chuir as a mbeabhair. Oibríonn siad sa gcuí agus go gceapann na bastair go bhfuil tú chun an baoite a thógáil, ach go bhfuil orthú beagán airgead a chaitheamh chun go sloigfeadh tú é.


Ar an mbealach seo, is féidir na daoine atá taobh thiar de na ríomh phoist a chur ag déanamh rudaí atá fíor aisteach, agus náireach dóibh féin.  nuiar a fuair mé an suíomh, bhí mé ag léamh liom, go dtí gur tháinig mé go dtí na peictiúir a chuir cuid acú amach, tar éis go dhuine éigin iachal a chuir orthú deimhniú go raibh siad dáiríre, trí sórt cómhradh a thabhairt dóibh.



Tuesday, December 9, 2008

Ní Bhuaileadh an Diabhal an ...........


''Tar suas ag an teach am anocht, nuair a bheidh se dorchadh'', a duirt Páidí le Maidhc, agus cumadh an uafáis air. Ba bhin é an méid a deir se leis, agus bhí Maidhc tar éis an lá a chaitheamh dhá rith tríonna chloigeann, agus é ag iarradh túin nó ceán a fháil air.



Bhí sé anois ag breith suas ar a seacht a chlog; bhí fuacht na h-oíche tagtha i dtír, agus is mar sin a b'fhéigin do Mhaidhc a chóta a fháisceadh faoinna mhuinneal, agus é ag árdú an charcair ar a bheallach to dtí teach pháidí. Sheas sé nóimead ag barr an fhána, agus bhreathnaigh sé amach sa dorchadas, síos ar an oileán, ach níor léar dhó tada ach go raibh ceó idir ea fhéin agus an mór thír, mar gheall nach raibh fiú agus solas anháin le feiceál.



Ba bheag nár bhain an mada an t-anam as nuair a tosaigh sé ag tafan, agus ngan Maidhc ach trí troth ón ngeata. B'fhéigin dhó seasamh aríst lenna chuid unáil a fháil ar ais, agus sin é an t-am a tháinig Páidí sa doras,''Gabhat a dhiabhal. Cé tá ansin?'' ''Níl ann ach mise a Pháidí, agus nach raibh tú ag súil liom''? ''Bhí bhí, ach gu isteach, gu isteach éascadh''. Ní raibh Maidhc in-an a dhath riabh a dhéanamh ina dhiadh sin, ach ea leanacht, mar bhí Páidí imithe isteach sa doras arís agus ea leath dhúnta aige ina dhiadh.


Bhrú Maidhc isteach an doras, agus amach aige céard a tháinig ach bolamh breá goirt, a thug uisce óna chuid fiacla. '' Páidí!! ná h-abair liom go bhfuil tú ag goil an bagún a ithe?!?''